Sa Phríomhchúirt Choiriúil, thug Gardaí tuilleadh eolais faoi agallaimh a rinne siad le Buachaill A i mí na Bealtaine anuraidh nuair a gabhadh é ar amhras go ndearna sé Ana Kriégel a dhúnmharú. 

Léirigh anailís a rinne Gardaí ar fhón póca an bhuachalla gur lorg sé eolas faoi mhodhanna éagsúla le duine a chéasadh.  

Tá Buachaill A ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh ar an chailín scoile. 

Dúirt duine den bheirt a bhfuil dúnmharú Ana Kriégel curtha ina leith go raibh bréaga a insint ag an bhuachaill eile.  

Tá beirt bhuachaillí  atá 14 bliain d’aois ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú chailín scoile Ana Kriégel i dteach feirme tréigthe i bPáirc San Caitríona i Leamhcán ar an 14 Bealtaine 2018.