Cuireadh €1.74 milliún as finéalacha éagsúla isteach i mboscaí carthanas  i gcúirteanna éagsúla ar fud na tíre anuraidh.

Tháinig €458,000 den airgead sin ó fhinéalacha cúirte a ghearradh ar dhaoine i gcontae Chiarraí.

Bronnadh an t-airgead ar leithéid Naomh Uinsionn de Pól,  carthanais cúraim ailse agus eagrais spóirt.

Beagnach 20 bliain atá ann ó mhol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí go gcuirfí deireadh le bosca na mbocht agus go gcuirfí córas níos trédhearcaí ina áit.

Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt go bhfuil siad ag oibriú le córas nua a chur ina áit ach go dtabharfaidh sé roinnt ama orthu é sin a dhéanamh.