Dheimnigh Cumann Forbartha Chois Fharraige do Nuacht an Iarthair go mbeidh ochtar de na hiarrthóirí a bheas san iomaíocht sna toghcháin áitiúla i gConamara Theas i láthair ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna ag 8pm anocht.

Tabhafar deis don phobal ag an chruinniú ceisteanna a chur ar na hiarrthóirí faoi ábhar ar leith agus faoi na gcuid polasaithe.

Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ina chathaoirleach ar an chruinniú poiblí anocht.