Tá a mbeannacht tugtha ag an Choimisiún Eorpach do chiste luach €50 milliún  d’fheirmeoirí mairteola na tíre i bhfianaise an airgid a chaill siad le linn cainteanna an Bhreatimeachta i rith an gheimhridh.

Tabharfar deis don Rialtas breis airgid a chur leis an chiste seo. €100,000 milliún an t-uasmhéid a mbeidh ar fáil faoin chiste.

Chuir grúpaí feirmeoireachta fáilte roimh an fhógra ar maidin.

Le himeacht coicíse, réachtáil grúpaí feirmeoireachta éagsúla agóidí os comhair an Aire Talmhaíochta lena bhfearg a chur in iúil faoin titim a tháinig ar luach mairteola.

Agóid Bhéal Átha na Sluaighe

I mBéal Átha na Sluaighe an tseachtain seo caite, rinne na céadta feirmeoirí ó Ghluaiseacht na Mairteola agóid roimh chruinniú mullaigh mairteola  ina raibh an tAire Talmhaíochta ag labhairt ann.

Agóid Chorcaí

An tseachtain roimhe sin, rinne Cumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann picéad ar chruinniú Rialtais i gCorcaigh.

Tá sé ráite ag Uachtarán Chumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann Joe Healy gur buille tubaisteach a bheas ann d'earnáil na mairteola sa tír seo, muna mbeidh socrú faoi imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Déanann an tír seo luach €5.2 billiún d'earraí feirmeoireachta a easpórtáil chun na Breataine agus déantar luach €4.1 billiún euro d'earraí a iompórtáil chun na tíre seo ón Bhreatain.