Tá deireadh curtha ag an chainéal teilifíse ITV leis an chlár teilifíse Jeremy Kyle Show.

Iarradh ar an chraoltóir deireadh a chur leis an chlár i ndiaidh d’fhear bás a fháil le linn scannánaíochta.

Fuair Steve Dymond (63) bás i ndiaidh gur theip air i dtástáil bréige.

Bhí an clár áirithe sin ina raibh Steve Dymond le craoladh Dé Luain.

I ráiteas, dúirt príomhfheidhmeannach ITV Carolyn McCall gur chinn siad deireadh a chur leis an chlár i bhfianaise an méid a tharla.

Rinne ITV chomhbhrón a chur in iúil do theaghlach Steve Dymond.

Leanfaidh Jeremy Kyne ag oibriú ar thioscadail eile le ITV.  Craoladh clár Jeremy Kyle Show le 14 bliain anuas.