Tá PríomhAire na Breataine le hiarradh ar fheisirí na parlaiminte vóta eile a chaitheamh ar shochrú  aistharraingte an Bhreatimeachta ar an mhí seo chugainn.

Bhí cruinniú idir PhríomhAire na Breataine Theresa May agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn tráthnóna inné.

Cheistigh an tiarAire Breatimeachta Steve Baker fiúntas an vóta i bhfianaise na ndeacrachtaí a  bhí ag feisirí leis an socrú aistharraingte go dtí seo.

Dúirt Ceannaire an DUP i bParlaimint Westminster Nigel Dodds go dteipfidh ar vóta Theresa May arís eile mura n-athraítear an cúlstad.   

Meastar go ndéanfar an vóta a ghairm sa chéad seachtain i mí an Mheithimh.