Tá seanadóirí in Alabama i Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndiaidh a mbeannacht a thabhairt do bhille a chuirfeas cosc ar  beagnach gach cinéal ginmhealladh.

Nuair a dhéanfar dlí den bhille, beidh cosc ar ghinmhilleadh in Alabama fiú i gcás  éignithe nó ciorrú coil.

Vótáil seanadóirí Alabama ar son na reachtaíochta nua le 25 vóta in aghaidh 6 chinn.

Faoin reachtaíocht nua, beidh sé d’acmahinn ag lucht dlí in Alabama idir 10-99 bliain priosúin a ghearradh ar dhoctúirí as ginmhilleadh a dhéanamh.

Cuirfear an bille faoi bhráid gobharnóir an stáit sula ndéanfar dlí dó.

Beidh dlí Alabama i measc na ndlíthe ginmhillte is mó a bhfuil srianta ag baint leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.