Den chéad uair riamh, tabharfaidh long turasóireachta cuairt ar oileán Aráinn Mhóir ar chósta thiar Dhún na nGall inniu.

Tiocfaidh long an National Geographic Explorer i dtír ag calafort Aráinn Mhóir san iarnóin.

Tá 148 paisinéir chomh maith le críú ar bord. Tabharfar eolas do na paisinéirí ar réigiún an iarthuaiscirt.

Ag labhairt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt bainisteoir Chomharchumann Oileán Aráinn Mhóir, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh go bhfuil ócáid an lae inniu fíorthábhachtach  don oileán Gaeltachta.

Dúirt sí go gcaithfear gach deis a thapú le turasóirí a mhealladh go dtí’n oileán.