D’fhógair an t-ardán meán sóisialta Facebook go bhfuil siad le srianta níos géara a chur ar a seirbhís beoshrutha.

Tá an beartas nua a chur i bhfeidhm in iarracht srianta craolta a chur ar fhíseáin áirithe, macasamhail an físeán a bhfacthas le hionsaithe sceimhlitheoireachta Christchurch.

Dúnmaraíodh 51 duine in Christchurch sa Nua-Shéalainn ar 15 Márta agus craoladh na dúnmharaithe sinbeo ar Facebook.

Tá Facebook le polasaí ar leith ‘aon-stailc’ a chur i bhfeidhm ar an tseirbhís Facebook Live.

Ní bheidh cead isteach in athuair ag daoine ar an suíomh a sháraíonn  coinníollacha agus rialacha na seirbhíse.

Tá sé ráite ag ceannasaí Facebook Mark Zuckerbeg nach mór rialachán poiblí níos géara a chur i bhfeidhm ar line.