D’admhaigh an Taoiseach nach bhfuil an scéim cúitimh an stáit do dhaoine a d’fhulaingt mí-úsáid agus iad ar scoil ag obair.

Bhunaigh an stát an scéim ceithre bliana ó shin agus níl aon nduine tar éis cúiteamh a fháil faoin scéim.

Chuir 50 duine isteach ar an scéim  de chuid na Roinne Oideachais ach níor glacadh le haon iarratas.

Cúig bliana ó shin, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh an stát freagrach as an mí-úsáid gnéis a d’fhulaingt Louise O’Keefe as Corcaigh faoi lámha a hiarphríomhoide bunscoile.

Bhunaigh an stát scéim cúitimh do dhaoine ar tharla a mhacasamhail dóibh i bhfianaise rialú na Cúirte Eorpaí.

Tá diancháineadh déanta ag daoine a d’fhulaingt mí-úsáid gnéis ar scoil ar an scéim.

Inniu, dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin gur chaith an Rialtas go suarach, go soiniciúil agus go náireach leo siúd a d’fhulaingt.