Níl Badóirí na Sceilge sásta le hOifig na nOibreacha Poiblí as siocair nach mbeidh Sceilg Mhichíl ag oscailt mar a bhí beartaithe Dé Sathairn seo.

Tugann Badóirí na Sceilge turasóirí i dtír ar Sceilg Mhichíl.

Deir Oifig na nOibreacha Poiblí nach raibh an aimsir oiriúnach le míonna anuas chun an t-oileán a ullmhú do sheasúr na turasóireachta.

Deir duine den 15 Badóir a bhfuil ceadúnas acu daoine a thabhairt i dtír ar Sceilg Mhichíl, Gearóid Ó Moráin go gcuirfidh an mhoill isteach go mór ar earnáil na turasóireachta in Uíbh Ráthach i gCo Chiarraí.