Síneoidh Rialtais na hÉireann agus an Breataine comhaontú i Londain inniu a chinnteos go mbeidh na cearta céanna i gcónaí muintir an dá thir i dtíortha a chéile nuair a imeos an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Baineann an comhaontú le cearta agus pribhléidí cómhalartacha atá i bhfeidhm faoi láthair faoin gComhaontú Comhlimistéar Taistil. 

Áirítear sochar slándála sóisialaí, seirbhísí sláinte agus vótáil i dtoghcháin sna cearta seo. 

Beidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan, ionadaí na Breataine David Lidington agus Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley i láthair ag an ócáid i Londain inniu.