Tá cosc curtha ar na meáin chumarsáide fianaise a thuairisciú ó thriail bheirt bhuachaillí a bhfuil dúnmharú an chailín scoile Anastasia Kriégel curtha ina leith.

D'fhógair an breitheamh go mairfeadh an cosc go dtí deireadh na trialach nó go dtí go dtabharfadh sé aon ordú eile. 

Mheabhraigh sé don ghiúiré nár bhain tuairiscí na meán cumarsáide le hábhar agus iad ag déanamh a marana ar an gcás. Ní mór dóibh breith a thabhairt de réir na fianaise a chuirfear os comhair na cúirte, agus de réir na fianaise sin amháin, a dúirt sé. 

Dúirt an breitheamh freisin go raibh dualgas airsean ionracas na trialach a chosaint. 

Tá an bheirt bhuachaillí ag pleadáil neamhchiontach i ndúnmharú Ana Kriégel. Tá duine acu ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.