Deir Aire Stáit na Gaeltachta, Sean Kyne go mbeidh a Roinn agus Údarás na Gaeltachta ag cur aighneacht chuig Comhairle Chontae na Mí faoi iarratas pleanála i Rath Cairn.

Forbróir áitiúil,Colm Ó Gríofa atá i mbun an iarratais.

Tá sé ag iarraidh 28 teach chomh maith le teach lóistín 30 sheomra agus seomraí comhdhála a thógáil i lár an tsráidbhaile.

Ach tá imní léirithe go háitiúil faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an fhorbairt ar an Ghaeilge i Ráth Chairn.

Oifigí Chomhairle Chontae na Mí

Níl aon choinníollacha teanga i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Mí.

Ag labhairt le Nuacht,dúirt Colm Ó Gríofa go bhfuil sé luaite san iarratas pleanála go gcuirfí os cionn 50 de na tithe ar fáil do dhaoine le Gaeilge.

Dúirt sé go gcuirfeadh an teach lóistín nua go mór le deiseanna fostaíochta agus le háiteanna lóistín a bhfuil géarghá leo sa cheantar,

Imní faoi leas na Gaeilge i Rath Cairn má théitear ar aghaidh leis an bhforbairt seo

Dúirt Éanna Ó Cróinín, Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn 'fiú má líontar leath na dtithe le Gaeilgeoirí, fós – ísleoidh sé an céatadán cainteoirí go suntasach sa gceantar seo'.

Dúirt Ó Cróinín go ‘gcuirfidh sé deireadh le Rath Cairn - mar cheantar Gaeltachta'.

Is é an 16ú Bealtaine an spriocdháta le haighneachtaí a dhéanamh faoin iarratas pleanála.

Tá Aire Stáit na Gaeltachta, Sean Kyne le bheith i Ráth Chairn do sheoladh plean teanga an cheantair, oíche Déardaoin.