Tuigtear go bhfuil Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ag beartú tús a chur le cainteanna arís féachaint an bhféadfaí feidhmeannas Stormont a chur ar bun arís taobh istigh de choicís.

Beidh na príomhpháirtithe ar fad sa Tuaisceart páirteach sna cainteanna.

Táthar ag súil go ndéanfaidh an Tánaiste Simon Coveney agus Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley fógra i leith na gcainteanna i mBéal Feirste amárach.