Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an ceart ar fad ag an Athair Martin Magill nuair a dúirt sé ag searmanas sochraide an iriseora Lyra McKee inné go raibh sé in am ag polaiteoirí sa Tuaisceart na fadhbanna polaitíochta ansin a réiteach.

Dúirt Mary Lou McDonald nach é amháin gur thug an tAthair Magaill dúshlán do na polaiteoirí dul i mbun cainteanna ach feidhmeannas Stormont a bhunú arís freisin.

Dhiúltaigh sí d'iarratas an DUP dhá phróiseas cainteanna a chur ar bun, áfach. Ag labhairt di ar RTÉ ar maidin, dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh sí ag iarraidh tús a chur le cainteanna faoi fheidhmeannas Stormont a bhunú agus chun cainteanna eile faoi mhórcheisteanna conspóideacha eile a phlé.

Dúirt Mary Lou McDonald, áfach, gur féidir na ceisteanna conspóideacha seo a réiteach in imeacht cúpla uair an chloig ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Mhaígh sí go bhfuil an chaint ar fad déanta agus gur cinneadh nó réiteach atá de dhíth anois. 

Dúirt sí gurb é an t-aon bhealach le rialtas inmharthana a bhunú sa Tuaisceart ná pósadh comhghnéis a cheadú agus cearta Gaeilge a chur i bhfeidhm.

D'iarr sí ar Rialtais na hÉireann agus na Breataine idirghabháil a dhéanamh go práinneach.