Tá os cionn 60 duine gafa ag na póilíní i Srí Lanca faoi na hionsaithe buamála inar maraíodh os cionn 350 duine agus inar gortaíodh thart ar 500 duine eile Domhnach Cásca.

Dúirt na póilíní gur naonúr a chuir lámh ina mbás fhéin a rinne na hionsaithe ar an bpobal Críostaí agus go bhfuil sé deimhnithe acu cérbh iad ochtar acu.

Tá sé ráite ag an ngrúpa Stát Ioslamach gurb iad a rinne na hionsaithe ar thrí shéipéal agus ar thrí óstán sa phríomhchathair Colombo. 

Gheall uachtarán Sri Lanka go ndéanfar atheagar ar arm agus ar sheirbhísí slándála na tíre i bhfianaise ionsaithe an Domhnaigh.

Dúirt sé go gcuirfear an dlí ar an dream sna háisíneachtaí stáit nach ndúirt tada faoi na foláirimh a tugadh roimh ré faoi na hionsaithe.