Beidh an tUachtarán Michael D Higgins agus an Taoiseach Leo Varadkar i mBéal Feirste inniu ag sochraid an iriseora Lyra McKee a lámhachadh agus a maraíodh i nDoire san oíche Déardaoin seo caite.

Beidh an Tanáiste Simon Coveney agus an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Katherine Zappone ag an tsochraid freisin, chomh maith le Príomh-Aire na Breataine Theresa May agus Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley.

Maraíodh Lyra McKee nuair a chaith fear gunna le póilíní le linn caismirtí i gceantar an Chreagáin. Tá sé admhaithe ag na heasaontóirí poblachtánacha, an tIRA Nua mar a thugtar orthu, gurb iad a mharaigh í. Dúirt siad gur de thimpiste a maraíodh í.

Tá bean 57 bliain d'aois a ghabh na póilíní sa Tuaisceart inné mar chuid dá gcuid fiosrúchán faoin marú scaoilte saor ó shin acu. Ceistíodh beirt ógánach roimhe seo freisin.

Dúirt muintir Lyra McKee gur duine séimh neamhurchóideach a bhí inti agus nach nguífeadh sí anó ar aon duine.

Tosóidh Aifreann sochraide Lyre McKee in Ardeaglais Naomh Anna i mBéal Feirste ag 1 a chlog inniu agus craolfar beo é ar an suíomh idirlín seo. Seirbhís ilchreidmheach ilchultúrtha a bheas inti.

Beidh bigil i gcuimhne Lyra McKee sa Chorr Chríochach i gCo Thír Eoghain an t-am céanna a mbeidh an tsochraid ar bun.

Bhí bigil i mBaile Átha Cliath aréir ina cuimhne freisin. Tháinig iriseoirí agus agus gnáthphobal le chéile ag an mbigil sa Ghairdín Cuimhneacháin. 

Dúirt rúnaí Chumann na nIriseoirí in Éirinn Séamus Dooley go bhfuil fearg orthu faoi mharú Lyra McKee. Dúirt sé go raibh daoine bailithe freisin chun ómós a léiriú dá cuid oibre agus dá hoidhreacht mar iriseoir.