Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu, thug an Breitheamh Eileen Creedon treoracha don ghiúiré i dtriail Patrick Quirke agus rinne sí cur síos ar an dlí agus na rialacha gur gá dóibh a chur i bhfeidhm agus iad i mbun machnaimh.

Tá sé curtha i leith Patrick Quirke, 50 bliain d'aois, as an mBréinseach Mhór i gCo Thiobraid Árainn gur dhúnmharaigh sé Bobby Ryan agus gur chuir sé a chorp in umar faoi thalamh.

Mheabhraigh an Breitheamh Creedon don ghiúiré go gcaithfidís a bheith oibiachtiúil agus neamhchlaonta agus nár cheart dóibh ligean dá gcuid mothúchán - trua, fearg nó déistin - dul i gcion orthu.

Rachaidh an giúiré i mbun machnaimh arís amárach.