Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go dtabharfaidh sé cuairt oifigiúil stáit ar an mBreatain idir 3 agus 5 Meitheamh.

Beidh Donald Trump sa Bhreatain sula dtabharfaidh sé cuairt ar iarthuaisceart na Fraince don chomóradh ar ionradh D-Day.

Beidh sé 75 bliain i mbliana ó chuaigh na comhghuallaithe i dtír sa Normainn ar 6 Meitheamh 1944.  

Níl aon trácht faoi láthair an dtapóidh an tUachtarán Trump an deis le cuairt a thabhairt ar an tír seo taca an ama chéanna. 

Le linn na Féile Pádraig agus an Taoiseach sa Teach Bán i Washington, dúirt an tUachtarán Trump go mbeadh sé ag teacht go hÉirinn i mbliana.