skip to main content

"Díoltas a spreag na hionsaithe i Srí Lanca"

Maraíodh 310 duine agus gortaíodh 500 eile mar gheall ar an slad i Srí Lanca
Maraíodh 310 duine agus gortaíodh 500 eile mar gheall ar an slad i Srí Lanca

Deir Rialtas Srí Lanca gur mar dhíoltas ar an slad a rinneadh ar an bpobal Moslamach in dhá mhosc i Christchurch sa Nua-Shéalainn an mhí seo caite a tugadh faoi na hionsaithe sa tír Domhnach Cásca.

Inniu, tá lá náisiúnta dobróin fógartha ag an rialtas i gcuimhne na ndaoine ar fad a maraíodh agus a gortaíodh sna buamalacha.

Áirítear anois gur maraíodh 310 duine agus gur gortaíodh 500 duine eile.

Tá an milleán á chur ag an rialtas ar antoiscigh Ioslamacha as na hionsaithe a rinneadh ar shéipéil agus ar óstáin sa phríomhchathair Colombo agus i gceantair eile.

Tá stáid éigeandála fógartha ag na húdaráis agus tá 40 duine gafa ag na póilíní.