Tá 150 post nua le cruthú i nGaillimh ag an gcomhlacht Meiriceánach Rent the Runway a chuireann éadaí ban ar fáil ar cíos. 

Tá oifig le bunú ag an gcomhlacht ar an gCladach agus is poist teicneolaíochta a bheas i gceist.

Tá an comhlacht lonnaithe i Nua-Eabhrac agus tá 1,800 duine fostaíthe acu ar fud na Stát Aontaithe. 

Seo an chéad uair ag Rent the Runway lonnú taobh amuigh de na Stáit Aontaithe agus tá súil acu dul i mbun oibre i nGaillimh an samhradh seo.