Tá bean 57 bliain d'aois gafa ag na póilíní sa Tuaisceart mar chuid dá gcuid fiosrúchán faoi dhúnmharú Lyra McKee i gcathair Dhoire an tseachtain seo caite. 

Tá sé admhaithe ag na heasaontóirí poblachtánacha, an tIRA Nua mar a thugtar orthu, gurbh iad a mharaigh Lyra McKee le linn caismirtí i gcathair Dhoire Déardaoin seo caite.

Maraíodh Lyra McKee, a bhí 29 bliain d'aois, nuair a chaith fear gunna le póilíní le linn na gcaismirtí i gceantar an Chreagáin.

Adhlacfar í tar éis Aifrinn in Ardeaglais Naomh Anna i mBéal Feirste amárach.