Tá cairde le Lyra McKee, an t-iriseoir agus údar a maraíodh i nDoire an tseachtain seo caite, tar éis agóid a dhéanamh ag an oifig atá i nDoire ag an ngrúpa poblachtach Saoradh.

D’fhág na cairde lorg a gcuid lámha i bpéint dearg ar bhallaí na hoifige in Áras Junior McDaid i gCathair Dhoire.

Tá baint ag Saoradh leis an dream a thugann an tIRA Nua orthu féin.

Deir na póilíní atá ag fiosrú mharú Lyra McKee Déardaoin seo caite nuair a caitheadh piléir le póilíní le linn círéibe sa gCreagán gurbh iad an tIRA Nua ba chion tsiocair leis.

Bhí seisear fear, baill ceaptar de Saoradh, ina seasamh os comhair na hoifige inniu agus lorg na lámha á bhfágáil ar na ballaí.

Bhí póilíní freisin i láthair, agus tar éis don agóid a bheith déanta, ghlac siad ainmneacha na mban agus na bhfear a bhí páirteach.

"Tá fuil ar a gcuid lámha ag Saoradh" a dúirt Sinéad Quinn, cara le Lyra McKee a bhí 29.

"Tá siad ag spreagadh daoine óga le tabhairt faoin bhforéigean, agus ag rá ansin nach bhfuil baint ná freagracht acu as aon ‘timpiste’ a tharlódh."