Tá gunna agus buamaí píopa tógtha ina seilbh ag Gardaí ar an Muine Mór i nDroichead Átha i gCo Lú.

I mála ar thalamh bán in aice le eastát tithe a fritheadh an t-ábhar.

Cuid d’fheachtas leanúnach na nGardaí in aghaidh na coiriúlachta sa gceantar a bhí sa gcuardach.

Tá fios curtha ar an scuad diúscartha buamaí leis an dochar a bhaint as na goiris.