Tá 15 aonad as 12 limistéar den tSeirbhís Dóiteáin  tar éis a ghabháil i ngleic le loscadh sléibhe in Iarthar Dhún na nGall.

Tá aiteann agus fraoch tré lasadh idir Loch an Iúir agus Anagaire ar an gcósta ón 6 ar maidin.

Bhí an tine ag déanamh go tréan ar cheantar tithe agus ceantar coille, ach tá na tithe in Anagaire slán a deir lucht dóiteáin anois.

Chuaigh muintir na háite agus lucht gnó i ngleic leis na lasracha le uisce a spraeáil siad as taincéaraí ola agus leatóirí sciodair. 

Bhí eagla ar feadh tamaill do raibh Óstán an Chaisleáin Óir agus tithe cónaithe in aice láimhe i gcontúirt ach tá an loscadh ansiúd smachtaithe ó mheánlae.

Tá gaoth ropanta ann go fóill ann áfach agus í ag athrú treo go rialta.

Tá an Leas-Cheann Comhairle Pat the Cope Ó Gallchóir, TD Fianna Fáil, tar éis cúnamh a iarraidh ar an Aerchór agus tá ingearán ar a bealach.

Dúnadh an príomhbhóthar, an N56 idir Gaoth Dobhair agus An Clochán Liath ar ball.

Tá Rabhadh Oráiste faoi loscadh sléibhe ar fud na tíre fógartha inniu ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia.