Tá lion na marbh méadaithe i Srí Lanca tar éis ionsaithe an lae inné ar shéipéil agus ar óstáin sa tír.

Tá níos mó ná 500 duine gortaithe.

Tá cáipéisí faighte ag an áisíneacht iriseoireachta AFP a léiríonn gur eisigh Ceannasaí na bPóilíní, Pujuth Jayasundara, foláireamh 10 lá ó shin go raibh faisnéis acu go raibh "lucht buamála féin-mharfacha ag breithniú ionsaithe ar shéipéil mhór le rá."

Pléascadh 8 gcinn de bhuamaí i 3 óstán agus 3 shéipéal Caitliceach, formhór an áir tarlaithe sa bpríomhchathair Colombo.

Fritheadh buama eile ar maidin ag aerfort na príomhcathrach agus baineadh an dochar as. Tá deireadh le cuirfiú sa tír.

Ionsaíodh pobal beag Críostaithe na tíre cheana, - tuairim is 6% den daonra 21 milliún, - ach is é seo an sléacht is mó a d’fhluaing siad leis na cianta.

Níl freagracht glactha ag aon ghrúpa fós ach deir póilíní go bhfuil 24 duine gafa.

Deir an rialtas go bhfuil siad ag fiosrú an raibh aon bhaint ag "eagrais thar sáile" leis an uafás.

Beirt bhuamálaí féin-mharfacha a ba chúis le cuid den sléacht. Chuir duine acu siúd den tsaol é féin sa scuaine don bhricfeasta i gceann de na hóstáin.  

Daoine as Srí Lanca formhór mór na marbh, ach deir an rialtas go bhfuil triúr as India, triúr as an mBreatin, beirt as an Tuirc agus Poirtingéileach amháin maraithe freisin.

Tá 25 eile a deir siad ón iasacht nach bhfuil ainm curtha leo fós.