Bhí lucht agóide ag tarraingt aird ar athrú na haeráide ag ócáidí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i mBéal Feirste inniu.

Go domhanda, bhí lucht agóide gníomhach i 44 tír le seachtain ag iarraidh an pobal a ghríosadh faoin ngearchéim aeráide.

Gluaiseacht a thugann Extinction Rebellion orthu féin is cion tsiocair leis an obair.

Dúirt urlabhraí ar a son in Éirinn, Ciarán O'Carroll, gur le aird an Rialtais a mhealladh a tugadh faoi na hagóidí inniu.

Dúirt Ciarán nach bhfuil a dhóthain á dhéanamh le hastaíocht charbóin na tíre seoa laghdú, ná a dhóthain á dhéanamh le fuinneamh in-athnuaite a leathnú.

Caithfear polasaithe a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh Éirinn "carbón-neodrach" faoin mbliain 2030 a dúirt sé.