Aoine an Chéasta, Lá mór na Críostaíochta, chruinnigh na céadta oilithreach ag siúl na gcosán go barr Mhám Éan siar ón Líonán i dtuaisceart Chonamara, ar Thuras na Croise.

As Maigh Eo agus as Conamara is mó a tháinig daoine ó gach aoisghrúpa.

Is é an tAthair Micheál Mac Gréil a chur tús in athuair le turas na croise san áit 40 bliain ó shin.

I mbliana, ina charr ag bun na cruaiche a d’fhan An tAth. Mac Gréil, ag éisteacht faoistine agus ag comhrá le oilithrigh.

Tá sé níos príobháidí a dúirt sé ag daoine faoistean a dhéanamh sa gcarr, agus cé nach bhfuil an aclaíocht níos mó an sliabh a shiúil, bhí áthas air a bheith ann ar chor ar bith a dúirt sé!

Is é an tAth. Proinsias Mistéal a threoraigh turas na croise agus sí an t-amhránaí ar an sean-nós Mary Ann Uí Chadhain a chas Caoineadh na dTrí Muire ag an searmanas spioradálta.