Tá iontas mór agus olc nach beag ar mhuintir Chumann Sacair Phort Láirge a deir siad go bhfuil an ruaig curtha orthu as Sraith Europa an tséasúir seo chugainn.

Deir siad gur chuir Cumann Sacair na hÉireann an FAI dallamullóg orthu nuair a thug an FAI le fios arís is arís eile dóibh le 5 mhí anuas nach mbeadh aon fhadhb acu ceadúnas a fháil ó UEFA le aghaidh a thabhairt ar na babhtaí réamhcháilithe sa gcomórtas tánaisteach san sacar ar ardán na hEorpa.

Tá sé deimhnithe ó aréir ag an gcumann náisiúnta nach mbeidh aon cheadúnas do Phort Láirge ag teacht ó UEFA.

Ní mór do chlub a bhí 3 bliana ar an bhfód le tabhairt faoi chraobhacha Eorpacha, agus níor bunaíodh Port Láirge FC go dtí deireadh 2016.

Déanadh eisceacht 10 mbliana ó shin i gcás Sporting Fingal i mBaile Átha Cliath, ach ní tharlóidh sé sin arís, agus is cosúil anois gurbh iad Cumann Naomh Pádraig san ardchathair a gheobhaidh áit Phort Láirge i Sraith Europa.

Deir an cumann sna Déise tráthnóna go bhfuil socruithe suntasacha tráchtála déanta acu, agus infheistíocht mhór déanta freisin, le súil maoiniú ar cháiliú chun na hEorpa a fháil ó UEFA mí na Samhna i mbliana.

Deir bord Phort Láirge FC go gcaithfear an FAI a fhiosrú faoin gcás.

Deir siad go bhfuil dlíodóirí acu sa mBreatain a bheidh i mbun achomhairc le UEFA.

Deir siad freisin go rachaidh siad i mbun dlí le cúiteamh a fháil ón dream a deir siad is cúis leis an ruaigeadh atá déanta orthu as an gcomórtas.