Goideadh 2 ATM thar oíche, ó 2 bhanc éagsúla i gCeanannas Mór i gCo na Mí.

Tarraingíodh meaisín amháin airgid as an mballa ag Banc na hÉireann, agus an ceann eile as balla an AIB, ar an tsráid chéanna, Sráid Naomh Eoghain, ag a 4 a chlog ar maidin.

Tá feithicil 4x4 agus tarracóir agus tochailteoir fós ar an láthair.

Deitear gur tógadh tuairim is €200,000 san ruathar.

Le cúpla lá anuas dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris nach gceaptar gurbh iad an díorma coiriúil céanna atá i mbun gadaíochta ATM ó thuaidh agus ó dheas, ach go bhfuil dreamanna ag déanamh aithris ar a chéile.

Deirtear go bhfuil buíon gníomhach i nDeisceart Ard Mhacha, cuid acu ina gcónaí i gCo na Mí, agus go raibh baoint acu le ruathar na hoíche aréir i gCeanannas Mór.

Aréir chomh maith, ó thuaidh den teorainn, goideadh 2 ATM eile, ceann in Ard Mhacha agus ceann in Aontroim.

Le roinnt míonna anuas, tá 10 ATM goidte ó thuaidh, agus 5 cinn ó dheas.