Maraíodh iriseoir 29 bliain d’aois le linn achrainn aréir ar an gCreagán i nDoire.

Saor-iriseoir as Béal Feirste ab ea Lyra McKee, a bhíodh fostaithe tráth leis an Belfast Telegraph.

Deirtear gur tuairisceoir "éirimiúil, ábalta" a bhí inti, a bhí ina cónaí le tamall i nDoire lena páirtí.

Deir Póilíní Thuaisceart Éireann gur "eachtra sceimhle" a bhí ann agus chuir siad an locht ar easaontóirí Poblachtacha.

Méala mór don iriseoireacht, bás Lyra McKee, a deir Michelle Stanistreet, Ardrúnaí cheardchumann an NUJ.

Le linn caismirtí idir póilíní agus slua ar na sráideanna, scaoileadh níos mó ná piléar amháin le póilíní a dúirt an Leas-Phríomhchonstábla Mark Hamilton.

"Caitheadh agus gortaíodh Lyra McKee," a dúirt sé. "Tugadh chuig Ospideál Alt na nGealbhan í i Landrover póilíní, ach faraor bhásaigh sí san ospidéal."

Dúirt Mark Hamilton freisin go gcreidtear gurbh iad an tIRA Nua ba chúis lena bás.

Cúpla uair a chloig sular caitheadh í, bhí Lyra McKee tar éis a bheith ag giolcaireacht ar twitter faoin "absolute madness" aréir i nDoire.