Tá achainí déanta agus cúnamh á lorg maidir le haltóir a bronnadh ar shéipéal i mBéal Feirste 100 bliain ó shin ach atá ar iarraidh le blianta fada.

Bronnadh an altóir ar Shéipéal Naomh Pádraig i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí píosaí ealaíne leis an ealaíontóir cáiliúil John Lavery  mar chuid di. Rugadh John Lavery gar don séipéal agus b'ann a baisteadh é.

Thairg sé píosa ealaíne a dhéanamh don séipéal agus bhronn sé The Madonna of the Lakes air sa bhliain 1919. Triptic atá sa saothar a bhfuil íomhánna de Mhuire, Naomh Pádraig agus Naomh Bríd ann.

D'iarr Lavery ar a chara Edwin Lutyens an fráma a dhéanamh agus altóir a dhearadh ionas go suífeadh an pictiúr uirthi.

John Lavery sa bhliain 1920 (Pic: Getty)

Nochtadh an saothar don phobal ar 20 Aibreán 1919. Ach 100 bliain níos deireanaí níl aon amharc ar an altóir féin agus níl a fhios ag lucht an tséipéil cá ndeachaigh sí.

Tá riarthóir an tséipéil an tAthair Eugene O'Neill ag achainí ar an bpobal cuidiú leis an altóir a aimsiú.

Deir sé go raibh an altóir fós sa séipéal sa bhliain 1977 nuair a scríobh staraí alt fúithi. Nuair a tharla tine ansin i 1995, áfach, tarrtháladh an pictiúr ach ní raibh aon tuairisc ar an altóir.

Naomh Bríd le John Lavery

Deir an tAthair O'Neill go bhfuil an altóir ar cheann de na píosaí ealaíne is suntasaí i mBéal Feirste agus go bhfuil sé dochreidte nach fios cá bhfuil sí.

Deir sé freisin go bhfuil an chuid is mó de na sagairt a bhí ag obair sa séipéal san aois seo caite ar shlí na fírinne anois agus nach bhfuil aon eolas ag an mbeirt a mhaireann faoin altóir.

Amanathar, beidh tréad Shéipéal Naomh Pádraig ag comóradh 100 bliain ó bronnadh an altóir agus an pictiúr ar phobal Caitliceach thuaisceart Bhéal Feirste agus tá súil acu go mbeidh duine éigin ábalta an mhistéir a réiteach.