Maraíodh fear os cionn leathchéad bliain d'aois mar gheall ar thimpiste bóthair i gCo Thiobraid Árann go deireanach aréir.

Maraíodh é nuair a bhuail an carr a bhí sé a thiomáint agus leoraí faoina chéile ar bhóthar an N25 ag Cill Ó Luáin Íochtarach gar do mhonarcha Bulmers taobh amuigh de Chluain Meala ag thart ar 11 a chlog aréir. 

Bhásaigh an fear ar an láthair. Tugadh tiománaí an leoraí chun an ospidéil de bharr mionghortuithe a bhain dó.