Sa Dáil, cáineadh an tAire Tithíochta Eoghan Murphy faoin méid atá ráite i dtuarascáil Omudsman na Leanaí maidir le lárionaid teaghlaigh. 

Dúirt urlabhraí Fhianna Fáil Pat Casey gur léir nach bhfuil ag éirí le polasaithe tithíochta an Rialtais agus gur cheart do gach Aire agus gach Teachta Dála an tuarascáil a léamh le tuiscint níos fearr a fháil ar na deacrachtaí atá ag daoine atá ag cur fúthu in ionaid teaghlaigh.

Dúirt Donnchadh Ó Laoghaire ó Shinn Féin cé go bhfuil na hionaid seo níos fearr ná óstáin nár cheart go mbeidís ina réiteach buan. 

Thug an tAire Murphy le fios go bhfuil sé sásta glacadh leis na moltaí atá i dtuarascáil an Ombudsman. Mhaígh sé go deimhin go bhfuil an Roinn Tithíochta ag cur cuid de na moltaí sin i bhfeidhm cheana féin. 

Dúirt sé freisin nach bhfuil sna hionaid teaghlaigh ach réiteach sealadach ach go gcaithfear a chinntiú go bhfuil ardchaighdeáin mhaireachtála iontu fad is atá siad ann.