Tá grúpa polaiteoirí as Meiriceá faoi cheannas Nancy Pelosi, Spéicéir Theach na nIonadaithe i Washington, sa Tuaisceart inniu mar chuid dá dturas ar an tír seo. 

Thrasnaigh an grúpa an teorainn ag Ceann an Droichid i gCo Dhún na nGall ar maidin agus beidh siad i mBéal Feirste trathnóna.

Ó tháinig an toscaireacht chun na tíre seo dhá lá ó shin, tá sé ráite acu go ndéanfaidh siad a ndícheall le cinntiú nach gcuirfear aon teorainn chrua i bhfeidhm in Éirinn mar gheall ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Dúirt Nancy Pelosi arís ar maidin go ndeachaigh na Stáit Aontaithe i mbannaí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus go raibh súil aici labhairt le daoine a thacaíonn leis fad is atá sí sa Tuaisceart.