Beidh duine ón bpobal Móháicise i gCeanada ag dul go dtí an Cheathrú Rua i gConamara le Gaeilge a fhoghlaim an samhradh seo mar chuid de scoláireacht bhliantúil Gaeilge atá fógartha ag Aire Stáit Seán Kyne.

Bhí Taoiseach na Móhácach Joseph Tokwiro Norton i láthair don fhógra i dTithe an Rialtais inniu.

Malartú cultúrtha atá i gceist leis an scoláireacht, a dúirt Seán Kyne le go bhfaighfadh scoláirí ón bpobal Móháicise blaiseadh den saol sa Ghaeltacht. 

Tá sé i gceist ceangail a chothú idir an dá phobal, a dúirt sé, bunaithe ar chúrsaí teanga, cultúir agus pobail.  

Fine ársa iad Móhácaigh Kahnawá:ke agus tá siad ar cheann d'ocht bpobal Náisiún na Móháchach. Tuairim is 3,000 cainteoir Móháiscise atá fanta, áfach. 

Tá an scoláireacht Móháicisce mar chuid de chiste Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuireann maoiniú ar fáil ar mhaithe leis an nGaeilge a mhúineadh in Ollscoileanna Cheanada.