Tá plean an Rialtais maidir le córas leathanbhanda a chur ar fáil ar fud na tíre cáinte ag an bhfreasúra sa Dáil. 

In 2012, gealladh go gcuirfí leathanbhanda ar fáil i ngach teach cónaithe agus ionad gnó sa tír agus costas €500 milliún a bhí luaite leis an plean ag an am.

D'admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar inné, áfach, go bhfuil costas an phlean méadaithe go dtí €3 billiún. 

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald sa Dáil inniu go bhfuil an plean ina chíor thuathail agus go bhfuil leathmhilliún teach cónaithe agus ionad gnó fágtha fós gan leathanbhanda.

Tá an plean sé huaire níos costasaí anois ná mar a bhí fógartha ar dtús, a dúirt sí. 

Tá cur chuige lucht caidrimh phoiblí á ghlacadh ag an Rialtas maidir le bainistiú an phlean, a dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin.

Dúirt an Taoiseach go raibh leathanbhanda ar fáil ag 20% de thithe cónaithe in 2012, agus go bhfuil sé ar fáil i 75% de thithe na tíre anois. Faoin Rialtas atá sé a chinntiú go mbeidh leathanbhanda ar fáil sa chuid eile de na tithe sin anois, a dúirt sé.

Roghnú conraitheora an chéad chéim eile sa phróiseas, a dúirt sé.