Ag ócáid speisialta sa Dáil inniu, dúirt Spéicéir Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe Nancy Pelosi go gcaithfear a chinntiú nach gcuirtear as do Chomhaontú Aoine an Chéasta san idirbheartaíocht faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Bhí cuireadh tugtha do Nancy Pelosi ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl labhairt le Teachtaí Dála, Seanadóirí agus le hiarpholaiteoirí mar chuid de Chomóradh 100 bliain Dháil Éireann. 

Thug sí le fios san óráid a thug sí nach bhféadfaí glacadh le teorainn chrua in Éirinn. 

Mhaígh sí nach mbeadh aon chomhaontú trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain dá ndeanfaí aon dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta de bharr imeacht na Breataine as an Aontas. 

Dúirt Nancy Pelosi gur mhór an onóir di an fháilte chróíúil a cuireadh roimpi in Éirinn. "Tír álainn dhraíochtúil í," a dúirt sí. 

Sular labhair sí, ghabh an Ceann Comhairle buíochas léi as an méid a bhí déanta ag Meiriceá ar son an phróisis síochána in Éirinn agus as tacú leis an tír seo san Aontas Eorpach.