Tá Cumann Sacair na hÉireann an FAI tar éis a rá go bhfuil John Delaney ag tairiscint "seasamh i leataobh" óna phost.

I ráiteas a foilsíodh ar ball beag deir an Cumann gur "thairg" John Delaney "seasamh i leataobh óna ról ina Leas-Uachtarán Feidhmeannach an fhad a mhaireann fiosrúchán neamhspleách faoi ábhar atá ag cur as don Bhord".

Tá beirt bhall den Bhord sin tar éis éirí as, Michael Cody agus Eddie Murray, beirt atá beagnach ceithre scór agus atá ar an mBord le beagnach 30 bliain.

Deir an Cumann go bhfuil an FAI ar a ndícheal ar son lucht leanúna agus baill agus gach páirtí bainteach leis an sacar.

Tá siad ag iarraidh a chinntiú a deir siad go dtabharfar ar ais na deontais stáit, airgead an rialtais ó Spórt Éireann, - maoiniú atá ar fionraí ó tosaíodh ag cur ceisteanna as an nua faoi John Delaney le mí anuas.