Tá bonn tugtha léi arís ag bean óg as Conamara ag an dara mór-chomórtas idirnáisiúnta júdó le mí anuas.

Bhuaigh Michelle Ní Ógáin, atá ocht mbliana déag, bonn airgid agus bonn cré-umha ag Craobh Oscailte Júdó na hÉireann ar an gCampus Náisiúnta Spóirt i mBaile Ab i mBaile Átha Cliath tús na míosa.

Tá sí tar éis a bheith san iomaíocht anois ag Craobh Oscaite Júdó Thuaisceart Éireann, ag a raibh plúr na n-iomaitheoirí as an mBreatain.

Bhain an bhean óg as Cumann Júdó Leitir Mealláin an tríú h-áit amach i Rannóg na Sinsear faoi 57kg, - an dara bonn cré-uamha as a chéile sa ngrád sin aici i gcomórtas Eorpach.