Tá sé deimhnithe ó chríochnaigh an próiseas ainmniúcháin ag meánlae gur 59 a bheidh san iomaíocht an mhí seo chugainn sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa.

Sa 3 thoghcheantar; 17 iarrthóir atá i Lár Tíre-Thuaidh-Thiar; 23 atá sa Deisceart; agus 19 i mBaile Átha Cliath.

13 Feisire a thoghfar as Éirinn san vótáil a bheidh ar siúl Dé hAoine, 24ú Bealtaine.

Tá 7 Teachta Dála sa n-iomaíocht. Má éiríonn le duine ar bith acu, caithfear fothoghchán a bheith ann taobh istigh de 6 mhí.