Tá máthair déagóra a caitheadh agus a maraíodh le piléar plaisteach i nDoire 38 bliain sa lá inniu, tar éis cinneadh Rialtas na Breataine an comhad faoina mharú a choinneáil faoi cheilt ar feadh 40 bliain eile, a cháineadh.

15 a bhí Paul Whitters.

Bhí balaclava air agus é ag caitheamh clocha le fuinneoga siopa báicéara, an 15ú Aibreán 1981, nuair a chaith comhalta de chuid an RUC sa gcloigeann é.

Bhásaigh Paul Whitters 10 lá dár gcionn, nuair a ghlac a mhuintir le comhairle lucht leighis an meaisín a bhí á choinneáil ina bheatha a chasadh as.

Léirigh fiosrú Ombudsman na bPóilíní i dTuaisceart Éireann, fiosrúchán a mhair 4 bliana, gur scaoileadh an piléar plaisteach san éagóir agus gan údar.

Níor tugadh foláireamh don ghasúr.

Bhí an póilín i bhfoisceacht 20 méadar dó nuair a chaith sé é, - níos lú ná an raon ceadaithe faoin dlí.

Léirigh an fiosrú freisin nach raibh an póilín in aon bhaol ag an am.

Tá comhad de chuid Rialtas na Breataine faoin gcás anois aimsithe ag taighdeoirí ó oifig cearta-daoine Ionad Pat Finucane i nDoire.

Sa gCartlann Náisiúnta i Londain a fritheadh an comhad "Paul Whitters: killed by a plastic baton round April 1981 CJ4/4402".

Deir máthair an ógánaigh, Helen Whitters, go bhfuil sé de dhualgas uirthi a chinntiú nach ag bailiú dusta a bheidh an comhad, ligthe i ndearmad ar seilf mar gur "cúis náire é do Lucht na Bunaíochta".

Tá sé faighte amach ag Ionad Pat Finucane gur déanadh athbhreithniú ar an gcomhad anuraidh agus go bhfuil cinneadh déanta gan é a fhoilsiú go dtí mí Eanáir 2059.

Tá Helen Whitters ag éileamh ar an Státrúnaí ó Thuaidh, gach eolas faoi bhás a mic a thabhairt dá mhuintir.