Tá trí mhí príosúin gearrtha ar Iar-Sheanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a fuarthas ciontach in ionsaí a dhéanamh ar thriúr Gardaí nuair a gabhadh é ag Féile Ceoil i mBaile Mhistéala i gContae Chorcaí.

Dúirt an Breitheamh, agus é ag gearradh na pianbhreithe, gur chosúil go raibh milleán ag James Heffernan, múinteoir bunscoile as Baile an Laighnigh, Contae Luimnigh ar chuile dhuine ach air féin faoi na hionsaithe a tharla i Samhradh na bliana 2016.