Sa Phríomhchúirt Choiriúil lean an t-Ionchúiseamh lena gcuid argóintí clabhsúir i dtrial Patrick Quirke,an feirimeoir 50 bliain d'aois - a bhfuil dúnmharú Bobby Ryan, curtha ina leith.

Tháinig Patrick Quirke ar chorp Bobby Ryan ar fheirm a bhí ar léas aige ó Mary Lowry, an 30ú lá de mhí Aibreáin 2013.

Sa Phríomhchúirt Choiriúil inniu, leanadh des na hargóinti ag deireadh thriail Patrick Quirke, an feirmeoir, 50 bliain d'aois a bhfuil dúnmharú Bobby Ryan, curtha ina leith.

Fuarthas corp Bobby Ryan nó "Mr. Moonlight" faoi mar a thugtaí air, ar fheirm na mná a raibh Patrick Quirke i gcaidreamh léi ar 30 Aibreán 2013.

Dúírt ionchúiseoirí sa phríomchúirt choiriúil inniu gur aimsíodh leathanaigh A4 nuair a rinneadh cuardach ar theach Patrick Quirke.

Cé nach raibh aon rud scríofa orthu, bhí rianta le feiceáil des na focail a bhí scríofa ar na leathanaigh os a gcionn.

Bhí frasaí mar "cad a bheidh ar eolas ag na Gardaí", "fáil réidh le héadaí agus fianaise eile", "conas a d'aimsigh sí an veain chomh tapaidh?" agus giotaí d'abairtí eile le feiceáil ar na rianta a bhí fágtha ar na leathanaigh. 

Dúirt an t-ionchúiseamh inniu go raibh ana-chosúlacht ar fad idir an méid a bhí scríofa ar na leathanaigh agus an t-eolas a thug sé do na Gardaí, go raibh an chuma ar an scéal go raibh sé tar éis teimpléid a scríobh dó fhéin ar na leathanaigh faoin méid go ndéarfadh sé leis na Gardaí sa chás is go ngabhfaí é. 

Chuaigh Bobby Ryan ar iarraidh ar an 3ú de mhí an Mheithimh 2011. Fuarthas a chorp i dtanc ar an 30ú de mhí Aibreáin 2013.

Bhí an tanc ar fheirm Mary Lowry, bean a raibh caidreamh ag Patrick Quirke léi.