Tá an baol ann go gcuirfidh an Breatimeacht isteach ar shiopaí sceallóga prátaí i bPoblacht na hÉireann ó tharla gurb as an tír sin a thagann an chuid is mó de na prátaí do na sceallóga. 

Is é an pór prátaí Sasanach, Maris Piper is mó a mbaintear úsáid as chun sceallóga a dhéanamh de bhrí go bhfuil méid íseal siúcra iontu i gcomparáid le Roosters is mó a fhástar sa tír seo.

Tá sé ráite ag an Aontas Eorpach cheana féin nach mbeidh cead prátaí na Breataine a dhíol thar lear de bharr rialacháin faoi shláinte plandaí.

Tá siopa sceallóg ag Joe Cannon ar an mBaile Nua in oirthear Dhún na nGall, 9km ón dteorainn le Tuaisceart Éireann.

Is iomaí imní faoin mBreatimeacht atá sa cheantar cois teorann.  

Deir Joe go gcuirfidh an Breatimeacht isteach orthu. Deir sé ''Beidh taraif de shórt éigin ag dul ar iompórtáil stuif, is é an rud a chuireann as dúinn uilig ná an praghas agus beidh siad ag caint ar 10% nó 20% ar mhála sceallóga prátaí isteach as Sasana''

Níl Joe cinnte go fóill an dtabharfadh an t-ardú 10% sin air filleadh ar phrátaí áitiúla Dhún na nGall.

"Ní fiú," arsa Joe. D'oibir muid leo roimhe agus bhí samplaí ag teacht isteach ó na feirmeoirí áitiúla, ach níl siad mar is ceart. Níl blas maith orthu. Tá barraíocht uisce iontu nuair a chuireann tú isteach sa phanna iad " 

Agus is é an difear seo is cúis le 72,000 tonna prátaí sa bhliain a bheith á dtabhairt as Sasana....

Beidh Joe ag coiméad súil ghéar ar an mBreatimeacht.