Deir Sinn Féin gur trí thimpiste a cuireadh íomha d'fhear gunna in aice le póstaer toghchánaíochta an pháirtí ar líne. 

Cuireadh an íomhá in airde ar leathanach Facebook Shinn Féin Dhún Thuaidh Dé Céadaoin, taobh le postaer dá n-iarrthóir sna toghcháin áitiúla i mBeannchar Thiar, Kieran Maxwell.

Ar an íomha a bhí athraithe go digiteach bhí fear gunna agus fear eile i mbalacláva.

Ní raibh urlabhraí de chuid Shinn Féin ar fáil inniu ach i ráiteas dúirt an páirtí gur trí thimpiste a cuireadh in airde é. Dúradh gur baineadh anuas é go chomh luath agus thug baill den pháirtí faoi deara é.

Deir Sinn Féin chomh maith go bhfuil céimeanna dochta tógtha acu maidir le riaracháin an leathanaigh úd.

Tá cáineadh láidir déanta ag aontachtóirí agus páirithe eile ar an íomha den ghunnadóir a bhí in airde ar leathanach Facebook an pháirtí.

Dúirt an DUP gur ábhar imní a bhí anseo sa lá atá inniu ann agus go raibh sé mícheart cur chun cinn sceimhlitheoireachta a bheith le feiceáil áit ar bith.