Tá an cosc conspóideach atá curtha ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ar Mheiriceánaigh trasinscneach a bheith san Arm tagtha i bhfeidhm inniu i ndiaidh chonspóid dlí fadtréimhseach.

Maíonn Rialtas Trump go bhfuil baol ró-mhór ann do éifeachtúlacht an airm má thugtar cead do dhaoine trasinscneach a bheith páirteach san arm. 

Téann cinneadh Trump siar ar pholasaí a bhí i bhfeidhm ag Barack Obama roimhe a thug cead do dhaoine trasinscneach seirbhís a dhéanamh ar son na tíre. 

Deir an Pentagon nach cosc iomlán atá i gceist leis na srianta ach go gcuirfeadh na srianta cosc ar ana chuid daoine nó ar an gcuid is mó do dhaoine trasinscneach a bheith páirteach i bhFórsaí Armtha Mheiriceá. 

Tá an polasaí cáinte go láidir ag gníomhnaithe cearta daonna agus tá dúshlán cúirte go leor tugtha ina choinne.