Tá Iar-Phríomhfheidhmeannach Chumann Peile na hÉireann John Delaney cáinte ag an Taoiseach faoi nár fheagair sé ceisteanna os comhair Coiste Oireachtais arú inné.

Ní iontas ar bith é, a deir an Taoiseach, go bhfuil daoine mí-shásta agus caithfear freagra a fháil ar na ceisteanna sin.

Tá imní curtha in iúl ag Sraith Sacair Chúige Laighean agus tá ceisteanna le freagairt a deir urrathóirí an FAI. 

Deir UEFA go bhfuil siad ''ar an eolas'' faoin gcás maidir le Cumann Peile na hÉireann agus an t-Iar Phríomhfheidhmeannach John Delaney agus deir nach bhfuil aon ráiteas eile le déanamh acu faoi láthair.

D'éisigh UEFA an ráiteas ar ríomhphost mar fhreagra ar roinnt ceisteanna a bhí curtha orthu ag lorg tuairimí UEFA faoin gconspóid is déanaí maidir le rialachas corparáideach ag Cumann Peile na hÉireann. 

Tá cuid mhaith de chlubanna sacair sraithe ag tabhairt le fios go bhfuil gá le hathrú ar Bhord Chumann Peile na hÉireann.

Sheol an tSraith Sacair is mó do dhaoine fásta sa tír ríomhphost go dtí gach club dá gcuid ag fiosrú ar cheap siad go mba cheart do Bhord Chumann Peile na hÉireann éirí as. 

Dúirt úrlabhraí ar maidin nach bhfuil na freagraí atá tagtha thar n-ais fábharach don FAI. 

Dúradh go bhfuil baill sa tóir ar thuairimí nua agus ar shlite chun muinín an phobail a athshlánú i bPeil na hÉireann arís.

Tá an brú ag méadú ar Bhord Chumann Peile na hÉireann ó tháinig siad os comhair Choiste Oireachtais níos luaithe an tseachtain seo.