Tá na mílte duine i mbun agóidíochta ar shráideanna Khartoum, príomhchathair na Súdáine, ag déanamh neamhairde ar chuirfiú atá curtha i bhfeidhm ag an gComhairle de chuid an Airm a chuir an tUachtarán Omar as-Bashir as oifig. 

Cuireadh an tUachtarán as oifig i ndiaidh seachtainí agóidíochta i gcoinne a réimeas 30 bliain. 

Tá lucht freasúra an Uachtaráin ag iarraidh go dtiocfadh Rialtas sibhialta ina áit. 

Tá na mílte de lucht léirsithe na Súdáine i mbun campála taobh amuigh den Aireacht Cosanta i Khartoum agus Rialtas Sibhialta á éileamh acu.

Bhí léirsithe ar siúl ar feadh 16 seachtain i gcoinne Omar al-Bashir atá 75 bliain d'aois. 

Tá síochán á éileamh ag Aontas na Náisiún Aontaithe agus na hAfraice agus lucht léirsithe i ndiaidh neamhaird a dhéanamh ar chuirfiú thar oíche agus iad ag leanúint orthu ag éileamh go gcuirfí Rialtas Sibhialta i bhfeidhm.